31 March 2006

bainisteoir fuinneoige

D'aistrigh mé mo bhainisteoir fuinneoige X ó KDE go ICE. Tá sé i bhfad níos tapa, agus ní usáideann sé a lán cuimhne. Seo suíomh suimiúil a cuireann bainisteoir fuinneoige X i gcomparáid.

29 March 2006

Squidoo "Gaeilge" lens

Rinne mé Squidoo "Gaeilge" lens. Thosaigh cúpla foghlaimeoirí eile ag blagáil as Gaeilge, agus beidh muid ag cuidiú lena chéile, ag ceartú meancóg gramadaí agus litrithe. Tá ár blaganna go léir chomhfhoilsithe ar an lens.

15 March 2006

Seacláid

Dougal, Seacláid, Uachtar, CloydMás cuimhin leat, bhí fadhb torthúlacht ag Taipéis, an bheanalpaca. Nuair a cheannaigh mé í, bhí sé amuigh air go raibh sí ag súil le cria. Ach níor tháinig cria ar bith. Thug mé í chuig an stud an samhradh seo caite, ach gan toradh. Faoi dheireadh, chinn mé comhairle dheacair, agus anois tá beanalpaca eile agam mar mhalairt ar Taipéis.

Seo seacláid, agus tá sí ag súil le cria faoi Bhealtaine. Tá sí beag, ach tá sí i mbun a mhéide. (Is as An tSile í, agus de ghnáth, bíonn na halpacaí as Meiriceá Theas níos lú ná na halpacaí as tíortha eile.) Nuair a chonaic mé í ar dtús, cheap mé go mbeadh sé éasca í a chur sa jíp. Bhí sí chomh beag, agus bheadh sé éasca lámh mhaith a dhéanamh di. Ach tá sí iontach láidir! Ní raibh sé éasca í a chuir sa jíp! Ach anois, tá sí socraithe ina baile nua.

Cloyd, Uachtar, agus Seacláid

Cloyd, Uachtar, agus Seaclaid

12 March 2006

Comhghairdeas!

Tá an bua leis an tImeall don "Úsáid is fearr den Ghaeilge i mBlag" ag an gcéad BlagGradaim Éireannacha. Go maire tú i bhfad!

04 March 2006

An Wombat Cáiliúil

Bhí mé ag léamh nuachtlitir Gaelport, agus chonaic mé alt iontach suimiúil. Féach ar an nominee deireanach.

Na BlagGradaim

Cé a bhuafaidh an duais ar "An Úsáid is fearr den Ghaeilge i mBlag?" ag an gcéad BlagGradaim Éireannacha? Bígí ag faire ar:
www.awards.ie
Seo leanas na hainmniúcháin don ghradam seo:
http://imeall.blogspot.com/
http://gaeilgefaoithalamh.blogs.ie/
http://hilaryny.blogspot.com/
http://spailpin.blogspot.com/
http://mhwombat.blogspot.com/
Fogrófar na buaiteoirí tráthnóna 11 Márta 2006 in Óstán Alexander.