12 October 2004

Gibney

Oíche Dhéardaoin, bhí ceann do mo chuid alpacaí in a luí agus níor eireódh sé. Ní raibh cuma tinnis air, agus bhí mé cinnte go raibh sé gortaithe. Ach chuaigh sé ar meath go han-tapaidh, agus nuair a tháinig an tréidlia bhí Gibney ar a thaobh, an anáil bainte de, agus ag comhrá leis an mbás. Thug an tréidlia IV, frithbheathaigh, agus píanmhúchain dó. Bhí iontas an domhain orm mar nach raibh orm cuidiú a iarraidh comharsana cuidiú liom; tháinig beirt chuiditheoir as a stuaim féin.

Chuir mé ceann de mo chuid tuaillí mhóra is fearr, agus mo "army poncho" ar Gibney é a choinneáil tirim agus té san oíche sin. An maidín dár gcionn, bhí sé an-tinn arís. Ach bhí an grían amuigh, buíochas le Día. Chaith mé an chuid is mó den am ag iompar a chinn agus leachtanna a chur in a bhéal. Faoi dhearadh, bhí sé seasmhach, agus bhí orm chaoí a fháil le é a iompar suas an cnoc agus isteach sa bóitheach té tirim.

Thiomáin comharsa tarracóir chun an pairce. Chuir muid Gibney sa scooper-yoke, agus d'iompair muid suas an chnoc agus isteach san "ICU" nua alpacaí (cuid de na bóithíthe) é. Sheol muid na dhá alpaca eile ar áis in aice leis an teach. Bhí greann ar na comharsanna ar chloisint dóibh mé ag cur ordaithe ar na halpacaí as Gaeilge... agus bhí íontas orthu nuair a gheill siad! Dúirt mé leis go bhfuil gach do mo chuid ainmhíthe dháteangach!

Bhí sé i bhfad níos easca aire a thabhairt do Gibney san ICU. Ba choscrach a shiúil trasna na phairce, aghaidh a thabhairt ar foirm gan cuma beo, agus mise ag súil le tarraingt na gcluas go mbeidh a fhios agam go raibh beocht ann. Ach san ICU, bhurlaím Gibney i duvet clúmhach, a cheann ar piliúr, agus a lán buidéal uisce té ina thimpeall. Thug mé leachtanna IV, vitimíní, agus 'chuile short cógas eile. Ba altra dílis Dougal, ina luí in aice le Gibney é a théamh.

Ach chuaigh Gibney ar meath oíche Shathairn. Shocraigh mé leis an tréidlia é a chur síos maidín de Domhnaigh. Tá áthas orm go raibh mé ansin nuair a bhfuair sé bás.

Tá cuimhne dheas agam ar Gibney: Ar an lá gríanmhar sin, sular iompraíodh é isteach sna bóithíthe, chaith mé an maidin ag iompar a chinn. Faoi dheireadh, bhí tuirse ar na lámha, agus luigh mé ar mo thaobh lena cheann ag tabhairt scíth ar mo bhásta. Bhí an beirt againn inár gcoladh gan mhoill. Is dócha nach bhfuil mórán daoine ann a raibh ina bpiliúr alpaca.

No comments: