25 October 2005

féin-thuarisciúil

Nach gceapann sibh go bhfuil an focal "awkward" féin-thuarisciúil? Féach ar an litriú: __wkw__!

Rosa Parks

Fuair Rosa Parks bás inniu.

Chuir mé iontas ansin... dá mbeadh duine mar Rosa Parks nó Martin Luther King Jr. sna Sé Condae, an mbeadh stáir an Tuaiscirt an-difriúil?

22 October 2005

lá uafásach

Bhí an lá uafásach inniu.

Chaith mé bheith i láthair ag leachtanna agus scrúdú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh na mic léinte eile ar an bhus aréir. Ach bhí mise i Leitir Ceannáin inné, agus dá bhrí sin thiomáin mé aníos. Bhí fhios agam nach mbeadh mé in am ag an chéad leacht, ach bhí súil agam go mbeadh mé ag an darna leacht. Ach bhí an turas an-fhada, agus níor bhain mé amach an ollscoil go dtí an t-am lón.

Deirtear go raibh na leachtanna ag Áras na Gaeilge. Bhí sé iontach deacair an áit a fháil, ach faoi dheireadh, bhí mé ann. Ansin bhí mé ag feitheamh lena mic léinte agus múinteoirí a tháinig ar ais ón lón. D'fhan mé cúpla uair. Rinne mé cinnte go raibh mé ag an áras ceart. Ach níor tháinig duine ar bith. Ar bhogadh na leachtanna? Níl a fhios agam cad a tharla.

Faoi dheireadh, thiomáin mé ar ais abhaile. Cúpla uair ón bhaile, las solas an battery. Bhí eagla orm go stadfadh an carr agus ní raibh mé ábalta é a thosú arís. Ach bhí an t-ádh orm, agus tháinig mé slán abhaile. Ar ndóigh, tá mo charr as feidhm anois. Sheic mé an drive belt, ach ní fhaca mé aon rud mícheart.

12 October 2005

Quaternions

Tá matamaitic go leor i mbeochan ríomhaire. Tá mé ag úsáid quaternions i mo chuid brionglóidí anois. Tá cuma bloic dathannach mhór acu. Rothlaim iad agus cuirim athordú orthu i mo choladh.

Ar son na doine nach bhfuil a fhios acu, tá quaternions ina cosúil le "lean, mean matrices". Tá siad an-úsáidte le bheochan ríomhaire.

07 October 2005

Rud Greannmhar ar eBay

Chonaic mé an rud seo ar eBay:

How to Get Your Point Across in 30 Seconds or Less.
45 minute audio tape by Milo O Frank

06 October 2005

An Darna Rang

Bhí an darna rang anocht. Tá an múinteoir an-ghreannmhar. Cuireann sé an t-ainm "modh lottó" ar an modh coinníollach. Fuair muid an téacsleabhar, agus ceapaim go mbeadh sé iontach úsáideach.

D'fhoghlaim muid an cúis a gcuireann an alt uatha "t-" roimh thúsghutaí ainmfhocal: Fadó, fadó, bá "in(t)" an t-alt uatha, mar shampla "an t-éan". Deirtear "in fer" in áit le "an fear", agus "int én" in áith le "an t-éan". Faoi dhearadh, d'aithraigh "in" go "an", agus bhog an "t" leis an ainmfhocal. Agus seo an scéal le "sa" agus "sna": Bliain ó shin, deirtear "insan" agus "insna". Bhog "insan" go "sa(n)", agus "insna" go "sna". Ceapaim go bhfuil rudaí mar seo suimiúil.

Caithfidh muid leabhar a léamh. Tá cúpla ceann le roghnú, agus úsáideann dhá cheann acu Gaeilge Uladh. Bhí mé ag féachaint ar cúpla ceann eile acu, agus bhí deirí ait ar na briathra. Ba choir dom na deirí Chuige Mumhan a fhoghlaim!