Bhí an lá uafásach inniu.
Chaith mé bheith i láthair ag leachtanna agus scrúdú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh na mic léinte eile ar an bhus aréir. Ach bhí mise i Leitir Ceannáin inné, agus dá bhrí sin thiomáin mé aníos. Bhí fhios agam nach mbeadh mé in am ag an chéad leacht, ach bhí súil agam go mbeadh mé ag an darna leacht. Ach bhí an turas an-fhada, agus níor bhain mé amach an ollscoil go dtí an t-am lón.
Deirtear go raibh na leachtanna ag Áras na Gaeilge. Bhí sé iontach deacair an áit a fháil, ach faoi dheireadh, bhí mé ann. Ansin bhí mé ag feitheamh lena mic léinte agus múinteoirí a tháinig ar ais ón lón. D'fhan mé cúpla uair. Rinne mé cinnte go raibh mé ag an áras ceart. Ach níor tháinig duine ar bith. Ar bhogadh na leachtanna? Níl a fhios agam cad a tharla.
Faoi dheireadh, thiomáin mé ar ais abhaile. Cúpla uair ón bhaile, las solas an battery. Bhí eagla orm go stadfadh an carr agus ní raibh mé ábalta é a thosú arís. Ach bhí an t-ádh orm, agus tháinig mé slán abhaile. Ar ndóigh, tá mo charr as feidhm anois. Sheic mé an drive belt, ach ní fhaca mé aon rud mícheart.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
1 comment:
Tá brón orm é seo a léamh, a stór. Bíonn lae uafásach ag gach duine. Beidh sé níos fearr amárach, ná bí buartha.
Post a Comment