31 December 2005

Ag cur mo shaol faoi svn

Tá mé ag úsáid svn anois in áit le cvs mar version control. Ceapaim go bhfuil sé níos mó flexible.

Chuir me mo fillteán baile faoi smacht svn.

21 December 2005

IGTF as feidhm

Tá fadhb ag freastálaí IGTF faoi láthair. Níl aon eolas eile agam fós. Dá bhfaighainn aon eolas eile agam sula dtagann IGTF ar ais i bhfeidhm, cuirfidh mé é anseo.

There is a problem with the IGTF server at present. I don't have any other information yet. If I get any information before the server comes back online, I will post it here.

Logo Nua

Ar mhaith libh an lógó nua?

Nuair atá an cluiche eachtra críochnaithe, ba mhaith liom scríobh sa bhlog seo i bhfad níos minice. Is maith liom bheith ag scríobh, agus cuidíonn sé mo chuid Gaeilge.

Is cás liomsa agus le Dougal bás Chluasa Bándearga. Is dochreidte go bhfuil cat chomh bheag sin ábalta poll chomh mór sin a fhágáil inár gcroí. Ach dúirt cara liom go bhfuil piscín ag scroungeáil sa bhruscar sa Charraig. Tá mé ag fanacht ar bhriseadh an lae.

17 December 2005

Cluasa Bándearga

Inniu ar maidin, chuala Dougal agus mise fuaim anaithnid. Rith Dougal chun na fréimhe, agus mise ina dhiaidh. Bhí téachtán fola eile ag Cluasa Bándearga bocht. Fuair sé bás ina baclainn agam, agus "a" mhadadh in aice leis.

Choinnigh mé Cluasa ar feadh tamall ar fad, dá slíocadh, agus Dougal ag cur chóir air. Faoi dheireadh, chuir mé Cluasa i mbosca Amazon. Is breá liom leabhair, agus tá an-áthas orm pacáiste leabhar a fháil. Go raibh fáilte ar Neamh don phacáiste luachmhar seo sa chaoi chéanna.

05 December 2005

Kung Fú


Máistir Po: "An gcloiseann tú an dreoilín teaspaigh ag do chosa?"

Caine Óg: "A Sheanfhear, cad é an chaoi a chloiseann tú na rudaí seo?"

Máistir Po: "A fear óg, cad é an chaoi nach gcloiseann tú féin?"

05 November 2005

eBay

Dhíol mé cúpla rud ar eBay le déanaí. Nuair a dhíoltar earraí ar eBay, íoctar fríd PayPal go hiondúil, agus bheadh cathú ann an t-airgead PayPal a chaitheamh ar eBay freisin. Cheannaigh mé cúpla leabhartha nua, agus rudaí eile. Ag siopa eBay éigin, cheannaigh mé saghas yoke a chuirtear ar do chuid eochracha. Nuair a ligeann tú fead, blípeann sé, agus beidh tú ábalta do chuid eochracha a fháil. Ach níor oibrigh sé domhsa. Lig mé fead arís agus arís gan toradh.

Ní raibh fadhb mhór ann ag an dtús; bhí an cat ábalta é a ghríosú gan fadhb ar bith. Nuair a chuirfinn na heochracha as ionad, shiúlfainn mé go dtí an cuisneoir. Cheapfainn an cat go mbeadh seans lán sásáir bainne ann agus thosódh sé ag meowáil. Thosódh an yoke ag blípáil agus gheobhainn na heochracha.

Ach bhí fadhb eile ann. Cé nach bhfuil mé ábalta é a ghríosú, blípfeadh sé nuair a bheadh duine eile ag caint liom. Faoi dheireadh, chuir mé sa chófra é.

B'fhéidir go ndíolfaidh é ar eBay.

25 October 2005

féin-thuarisciúil

Nach gceapann sibh go bhfuil an focal "awkward" féin-thuarisciúil? Féach ar an litriú: __wkw__!

Rosa Parks

Fuair Rosa Parks bás inniu.

Chuir mé iontas ansin... dá mbeadh duine mar Rosa Parks nó Martin Luther King Jr. sna Sé Condae, an mbeadh stáir an Tuaiscirt an-difriúil?

22 October 2005

lá uafásach

Bhí an lá uafásach inniu.

Chaith mé bheith i láthair ag leachtanna agus scrúdú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh na mic léinte eile ar an bhus aréir. Ach bhí mise i Leitir Ceannáin inné, agus dá bhrí sin thiomáin mé aníos. Bhí fhios agam nach mbeadh mé in am ag an chéad leacht, ach bhí súil agam go mbeadh mé ag an darna leacht. Ach bhí an turas an-fhada, agus níor bhain mé amach an ollscoil go dtí an t-am lón.

Deirtear go raibh na leachtanna ag Áras na Gaeilge. Bhí sé iontach deacair an áit a fháil, ach faoi dheireadh, bhí mé ann. Ansin bhí mé ag feitheamh lena mic léinte agus múinteoirí a tháinig ar ais ón lón. D'fhan mé cúpla uair. Rinne mé cinnte go raibh mé ag an áras ceart. Ach níor tháinig duine ar bith. Ar bhogadh na leachtanna? Níl a fhios agam cad a tharla.

Faoi dheireadh, thiomáin mé ar ais abhaile. Cúpla uair ón bhaile, las solas an battery. Bhí eagla orm go stadfadh an carr agus ní raibh mé ábalta é a thosú arís. Ach bhí an t-ádh orm, agus tháinig mé slán abhaile. Ar ndóigh, tá mo charr as feidhm anois. Sheic mé an drive belt, ach ní fhaca mé aon rud mícheart.

12 October 2005

Quaternions

Tá matamaitic go leor i mbeochan ríomhaire. Tá mé ag úsáid quaternions i mo chuid brionglóidí anois. Tá cuma bloic dathannach mhór acu. Rothlaim iad agus cuirim athordú orthu i mo choladh.

Ar son na doine nach bhfuil a fhios acu, tá quaternions ina cosúil le "lean, mean matrices". Tá siad an-úsáidte le bheochan ríomhaire.

07 October 2005

Rud Greannmhar ar eBay

Chonaic mé an rud seo ar eBay:

How to Get Your Point Across in 30 Seconds or Less.
45 minute audio tape by Milo O Frank

06 October 2005

An Darna Rang

Bhí an darna rang anocht. Tá an múinteoir an-ghreannmhar. Cuireann sé an t-ainm "modh lottó" ar an modh coinníollach. Fuair muid an téacsleabhar, agus ceapaim go mbeadh sé iontach úsáideach.

D'fhoghlaim muid an cúis a gcuireann an alt uatha "t-" roimh thúsghutaí ainmfhocal: Fadó, fadó, bá "in(t)" an t-alt uatha, mar shampla "an t-éan". Deirtear "in fer" in áit le "an fear", agus "int én" in áith le "an t-éan". Faoi dhearadh, d'aithraigh "in" go "an", agus bhog an "t" leis an ainmfhocal. Agus seo an scéal le "sa" agus "sna": Bliain ó shin, deirtear "insan" agus "insna". Bhog "insan" go "sa(n)", agus "insna" go "sna". Ceapaim go bhfuil rudaí mar seo suimiúil.

Caithfidh muid leabhar a léamh. Tá cúpla ceann le roghnú, agus úsáideann dhá cheann acu Gaeilge Uladh. Bhí mé ag féachaint ar cúpla ceann eile acu, agus bhí deirí ait ar na briathra. Ba choir dom na deirí Chuige Mumhan a fhoghlaim!

29 September 2005

Ag déanamh amach

Mar a gheall mé, tá mé ag athbhreithnú na briathra is coitianta leis na réamhfhocail difriúil. Sin an chaoi éasca mo leibhéal Ghaeilge a ardú. Tá mé ag tosú leis an briathar "déan". Déansuas an liosta seo:

déan amach = make out, write up, proceed outward or onward
Also used for dealing cards.

déan ar = do to/for, proceed towards

déan as = make from (material), make do with, make off/get away

déan de = make of, change into, reduce to, become

déan do
= make for, provide for, suffice for

déan faoi
= do toward/against

déan le = do with, act towards,

déan suas = make up, compile, compound

Tá go leor ciall eile, ar ndóigh, ach déanaim as sin faoi láthair. Tá mé ábalta abairtí go leor a dhéanamh leis na frasaí sin. Déanamach leis seo go luath. B'fhéidir lá amháin, déanfaidh duine líofa díomsa.

Morphological Analyser for Irish

Morphological Analyser for Irish

Liosta Minicíochta na bhFocal

Seo leathanach suimiúil. Is trua nach bhfuil an liosta níos faide.

Corpas Náisiúnta na GaeilgeLiosta Minicíochta na bhFocal

28 September 2005

An Cúrsa Dioplóma

Thosaigh mé an cúrsa dioplóma sa Ghaeilge anocht. Tá cúpla cara liom ag freastal an rang freisin. Caithfidh muid sórt dialann a scríobh, ag lua na rudaí a fhoghlaim muid sa rang. Tá an "blog" seo agam cheana féin, agus cén dochar iad a chur le chéile? Anocht bhí muid ag caint faoi gramadaí. Bhí mise sásta leis sin, mar is maith liom gramadach, ach tá a fhios agam nach bhfuil an tuairim ró-choitianta. Athbreithnimid téarmaí na gramadaí: ainmfhocal, aidiacht, briathar, dobhriathar, réamhfhocal (simplí nó comhshuite), forainm agus forainm réamhfhoclach. Dúirt an múinteoir gur teanga réamhfhoclach í an Ghaeilge, agus bhí mé ag smaoineamh gur mhaith liom na briathra is coitianta a athbhreithnú, agus caidé mar a athraíonn an chiall nuair a chuirtear iad le réamhfhocal difriúil.

Bhí fhios agam go bhfuil difríochtaí gramadaí agus difríochtaí fuaimnithe idir na canúintí. Ach anocht d'fhoghlaim mé go bhfuil difríochtaí inscne freisin. Tá ainmfhocal éigin go bhfuil firinscneach sa cheantar amháin, agus baininscneach sa cheantar eile. Ní cuimhin liom ach sampla amháin: An Eargail, an sliabh is airde.

Tá mé ag obair ar an chluiche eachtra fós. Ba mhaith é a chríochnú roimh Nollaig, agus tá mé an-gnóthach anois. Leag mé amach an priomhcharactar arís, agus ceapaim is fearr liom é anois.

20 September 2005

Cluiche Eachtra

Seo an cluiche eachtra iontach:

http://www.abc.net.au/gameon/tork/

Tá tú ar an plainéid eile, agus caithfidh tú an teanga a fhoghlaim. An-cliste!

cúpla fógra as Gaeilge

Bhí mé sa gharáiste áitiúil inniu, agus chonaic mé cúpla seanfhógra ní fhaca mé roimhe sin. Dúirt an ceann amháin "Má bhrisfidh tú é, coirimid é!", agus dúirt an ceann eile "Má thiteann an tóin as, cuirfimid ceann úr air!" Luaigh mé na fógraí don úinéir, agus chúir sé an ceist orm "Do you understand that?" Bhí iontas air nuair a dúirt mé gur thuig mé é. Ní maith leis féin an Ghaeilge ar chor ar bith.

18 August 2005

Backstroke of the West

Ró-ghreanmhar!

http://www.winterson.com/2005/06/episode-iii-backstroke-of-west.html

16 August 2005

imni

Chaill Cluasa Bandearga an chuid is mó de na hingne ar a chosa deiridh tar éis an téachtáin fola. Dá bhrí sin, ním a chosa deiridh gach lá galrú a stadadh. Ach le déanaí, bhí ballaí dubha le fáil ar na cosa, agus bhí an-imni orm faoi sin. Chuaigh muid chun an tréidlia, agus deir sé ní raibh sé ro-dhona. Tá na cosa ag cneasú maith go leor. Bhí chomh áthas orm sin, chaoin mé rud beag.

Níl aon galrú ann, ach thug an tréidlia antibiotics domh. Agus dúirt sé liom na cosa deiridh a thumadh i dtae fuair, mar déanann na "tannins" maith dó. Ní thaitheoidh sé le Cluasa ar chor ar bith!

ingne = claws
galrú = infection
ag cneasú = healing
a thumadh = to dip
Ní thaitheoidh sé le Cluasa = Cluasa won't be pleased by it

I'm still learning; don't model your Irish on mine.

30 July 2005

RSS agus aKregator

Tá mé ag úsáid aKregator anois, agus is maith liom é. Sin chaoi níos tapa IGTF a léamh.

17 July 2005

Lomadh

Fuair mé leantóir ar iasacht inné. Is beag an leantóir, agus ní raibh sé deacair ar bith tiomáint leis. Ach níor chodail mé go maith aréir mar bhí imní orm: An mbeidh mé ábalta na halpacaí a lódáil isteach sa leantóir?

D'éirigh mé go luath ar maidin agus ní raibh mé ábalta na halpacaí a sheoladh isteach sa leantóir ar chor ar bith. Faoi dheireadh, d'iarraidh mé comharsa mé a chuidiú. Tar éis cúpla bomaite, dúirt sé go mb'fhéidir go gcuirfidh mé an adhastar orthu. Rinne mé é, agus ní raibh sé ró-dheacair iad a threorú isteach sa leantóir. Bhí mé an-mhall ag an am sin, agus ní raibh an t-am agam na triúir go léir a lódáil. Dá bhrí sin, níor thug mé ach péire acu, an péire a bhí an lomra is faide acu: Taipéis agus Cloyd. Agus ansin, thiomáin mé go Condae Uibh Fháilí.

Bhí iontach bród orm mar bhí mo chuid alpacaí iontach dea-bhéasach, iontach ceansa. Bhí áthas ar an lomthóir, fear as an Astráil. Ní raibh aon trioblóid aige.

Fág mé Taipéis, an banalpaca, ansin le pórú. Roghnaigh mé graí dhubh dhathúil dí. Tháinig mise agus Cloyd abhaile. Bhí áthas air Uachtar Cloyd a fheiceáil, gan dabht.

Seo pictiúir Uachtar (ar chlé, gan lomadh) agus Cloyd (ar dheis, lomthe).




leantóir = trailer
ar iasacht = on loan
lódáil = loading
seoladh = driving, herding
lomra = fleece
dea-bhéasach = well-mannered
ceansa = tame
bomaite = noiméad = minute

I'm still learning; don't model your Irish on mine.

15 July 2005

bua!

Trí lá tar éis sin, seo an scéal:

Pluiméir A - pósta le déanaí agus MIA
Pluiméir B - ró-gnóthach
Pluiméir C - ag obair i Baile Átha Cliath anois
Pluiméir D - ní fhreagraíonn sé an gúthan aríamh
Pluiméir E - ní fhreagraíonn sé an gúthan aríamh
Pluiméir F - ní fhreagraíonn sé an gúthan aríamh

Agus d'aimsigh mé an fáth nach úsáidtear bubble wrap go fairsing le pluiméireacht.

Dá bhrí sin, thug mé cuairt le mo chara ceist a chuir air an bhfuil aithne aige faoi phluiméirí ar bith. "Did you try A?" Yes. "And B?" Yes, and yes to C, D, E, and F. "Oh, I'm not bate yet," arsa sé, agus sheol sé me do na pluiméirí G, H and I. "And did you ever find a trailer?" No. "Oh, then, try Farmer A or Farmer B".

Ní beidh mé ábalta na pluiméirí a theagmháil go dtí an trathnóna mar bhí post laethúil acu. Mar sin, chuaigh mé ar lorg leantóirí.

Bhí Feirmeoir A iontach cabhrach. "There it is, and you're welcome to it, but the axle just broke. That'd be no good to you."

Dúirt Feirmeoir B "There it is, and you're welcome to it, but the dog chewed through the wiring for the brake lights." Áfach, thug Feirmeoir B uimhir guthán Feirmeoira C dom.

An raibh mé mallaithe? Ní gá liom ach féachaint ar an leantóir agus bhrisfeadh sé... ar tosach.

Chuaigh mé abhaile, ag smaoineamh gur "lost cause" an leantóir. Ach b'fhéidir go gcuirfidh mé glaoch ar Pluiméir G. Bhí sé abhaile, iontas na n-iontas! "Would you mind if I came to look at it now?"

Ar mhiste liom??? Ba ghá orm cosc ar baothracht gháire orm. Bhí pluiméir agam, agus níor mhaith liom eagla a chuir air le cuma bean bhuile. Déan mé mo theach réidh ar son mo chuairteoir uasal.

Ansin, chuir mé glaoch ar Feirmeoir C. Dúirt a bhean chéile, "Oh, yes, farmer B already called us. You're very welcome to borrow the trailer any time."

Uair amháin ó shin, bhí iontach imní orm. Anois, tá gach rud ceart go leor.


pluiméir = plumber
gúthan = phone
teagmháil = contact
leantóir = trailer
mallaithe = cursed
ar tosach = in advance
baothracht gháire = hysterical laughter

I'm still learning; don't model your Irish on mine.

12 July 2005

alpacaí agus pluiméirí

Caithfear alpacaí a bhearradh gach bliain, agus tá sé difriúil ná bearradh caoirigh. Caithfear bheith cáilithe. Dhéan mé socraithe anuraidh le bearrthóir i gCondae Uibh Fháilí teacht anseo na bearradh a déanadh. Tar éis cupla mí gealltanas, d'aithin mé an fhírinne: Níor raibh sé ag teacht riamh.

Le dhá bhliain fáis lomra ar mo chuid alpacaí, níor mhaith liom "no-show" eile. Dá bhrí sin, caithfidh mé mo chuid alpacaí a thiomáint go hUibh Fháilí, agus beidh sé bearraithe ag an am céanna mar an tréad a tháinig sé as. Agus chúplálfainn Taipéis, an banalpaca. Bhreathnaigh mé an liosta graeanna, agus shamháil mé na teaglaimí dathanna. B'fhéidir go mbeidh páiste alpaca an bhliain seo chugainn.

Níor mhaith liom iarraidh trí alpacaí a chuir i mo jíp, agus dá bhrí sin caithfidh mé tó-barr a cheannach. Dúirt cara liom dá mbeadh tó-barr agam go mbeadh sé furasta dom leantóir a fháil ar iasacht ó chuid de na comharsana. Ceithre chéad níos moille -- €350 ar an tó-barr (€350 air? Bheadh déanta as ór de dhíth air, agus €50 ar na tacsaithe -- bhí tó-barr agam. Anois, bhí sé in am leantóir a fháil.

Chuaigh mé ar ais go dtí mo chairde a inis dom go mbeadh sé furasta dom leantóir a fháil ar iasacht. Chuimil sé a smig. Ní dea-thúir cuimilt smige.

"You'll be needing a covered trailer, won't you?" D'aontaigh mé leis. "Most people around here have those open trailers, but that'd be no good to you." D'aontaigh mé leis arís. "I don't know where you'd get one of those. You'd better try at the co-op."

Is breá liom cuairt a thabhairt leis an co-op; caitear mar fíorfeirmeoir agus mar custaiméir luachmhar liom ansin. Ach ní raibh an scéal go maith: "I have a big trailer that you're welcome to, but it's very big, and quite wide. Unless you have a powerful engine, that'd be no good to you." Agus tar éis smaoineamh go leor, agus cuimilt smige go leor, ní raibh muid ábalta éinne a chuimhneamh a bhfuil leantóir beag clúdaithe aige.

Chuaigh mé abhaile, domheanma orm. Ar chaith mé stór ar tó-barr gan toradh? Idir fhadhb an leantóra agus an chomhla bhriste leithris, bhí mé báite i saol. Ar a laghad, beidh mé ábalta an leithreas a dheisiú díreach anois. Gheobhaidh mé i ndeabhadh leis an phíopa olc chopair.

D'inis an píopa an fhírinne liom. Chomh luath ar theagmhaigh mé, thosaigh sé lig. Agus chnag an sistéal níos mó, an sistéal a bhí cnagtha cheana féin. Bhí sistéal gan tairbhe orm, le píopa ag ligeann, agus ní raibh aon chaoi é a stopadh gan uisce go léir sa teach a stopadh. Aithním nuair atá mé buailte. Bhí pluiméir de dhíth orm.


bearradh = shearing
cáilithe = qualified
bearrthóir = shearer
dhá bhliain fáis lomra = two years' growth of fleece
tréad = herd
chúplálfainn = I would breed
liosta graeanna = stud list
tó-barr = tow-bar
leantóir = trailer
ar iasacht = on loan
Chuimil sé a smig = he rubbed his chin
dea-thúir = good omen
domheanma = low spirits
comhla = valve
báite i saol = overwhelmed with life
teagmhaigh = touch
thosaigh sé lig = it started to leak
cnag = crack
gan tairbhe = useless

I'm still learning; don't model your irish on mine.

moilleadóireacht

Nuair a thósaigh mé ag obair abhaile, cheap mé go mbeadh sé éasca teachtaireachtaí a dhul. Tá mé i mo bhainisteoir féin, agus beidh mé ábalta am saoire a thógail am ar bith.

I ndáiríre, bhí na rudaí iontach difriúil. Bhí mé báite in obair. Ach le déanaí, bhí gach uile shórt ag titim ina áit céart. Chríochnaigh mé an fál faoi dhearadh (seachas an píosa ag rith suas an screag), agus chrochaim na geataí (i ndáiríre, bhí siad ceangailte go sealadach le sreang). D'átóg cara liom fráma ar an gcró, agus bhí sé réidh le tuí a cur. Caithfear an téitheoir a dheisiú, ach ní bheidh sé tábhachtach faoi láthair. Ní gá liom aon deisiú tí a dhéanamh anois seachas an *#$@! comhla leithris nach ndúnfaidh go ceart. Chuir mé liathróid nua ina áit, agus slat nua, agus biorán nua, agus gach píosa nua seachas an ceann deacair: an chomhla féin. Ní raibh aon shutoff leithris, agus dá bhrí sin caithfidh mé an lasc a fháil an caidéal go dtí an sistéal san áiléar a lasadh as, agus an t-umar a thaoscadh roimh thosú. Agus ní raibh píobán deas cairdiúil ag cothú an t-umar. Bhí sé cothaithe fríd an phíopa chopair a thug féachaint mhillte orm agus a dúirt "if you so much as touch me, I'll start leaking and you'll have to learn how to weld." Dá bhrí sin, bhain mé seift as styrofoam ceangailte don liathróid, é ag cuidiú sa troid in aghaidh brú uisce. Nuair nár éirigh sé a thuilleadh, chuir mé buidéal plaisteach folamh leis an modh. Agus ansin ceann eile. Faoi dhearadh, tháinig an lá nach raibh spás do bhuidéal eile. Cheannaigh mé comhla, ach níl mé ábalta aghaidh a thabhairt go misniúil ar an phíopa chopair olc fós.

teachtaireachtaí a dhul = to run errands
bainisteoir = manager
báite in obair = overwhelmed with work
bhí gach uile shórt ag titim ina áit céart = everything was falling into place
fál = fence
screag = creig, the rocky cliff on my land
go sealadach = temporarily
átóg = rebuild
cró = a small outbuilding on my land, the cart-house
tuí = thatch
téitheoir = heater
comhla = valve
biorán = pin
sistéal = cistern, tank
umar = tank
copair = copper
cothú = feeding, supplying

I'm still learning, so don't model your Irish on mine.

11 July 2005

frama nua ar an teach cairte

Tá frama nua ar an teach cairte anois. Thóg cara liom é. Anois, cuirfidh comharsa na tuí nua ar an cheann. Beidh sé go hálainn nuair atá sé críochnaithe.

Níl mórán rudaí agam le rá faoi an buama i Londáin. Tá mé in shock fós, mar a bhí mé tar éis 911. Níl ciall ar bith sna hamais seo.


frama = frame
teach cairte = cart house
tuí = thatch
buama = bomb
Londáin = London
amais = attacks

20 June 2005

IGTF

IGTF ar an fhreastalaí céanna le suíomh go leor eile, agus is cuspóir "Denial of Service (DoS) attacks" uaineach é an freastalaí sin. Tá an ISP ag obair an fhadhb a dheisiú. Dá bhfaighainn aon eolas eile agam, cuirfidh mé é anseo.

IGTF share a huge server with lots of other sites, and that server has been the target of intermittent Denial of Service (DoS) attacks. The ISP is working to solve the problem. If I get any more info before the problem is solved, I will post it here.

18 June 2005

Puss-in-Boots, Cat in Spats, & The Mummy Cat

Tá cuma "Sean Tom" (cartún ar an teilifís) ar Cluasa Bándhearga le déanaí, ach bíonn sé réasúnta maith. Níl mórán mothú aige sna cosa deiridh, agus tá claonadh air iad a róghlanadh. Tá cúpla áit atá tinn orthu, agus is gá liom iad a chosaint. Dá bhrí sin, chuir mé saghas bróga air, déanta as seanstocaí, ina cosúil le Puss-in-Boots. Ansin, cheap mé gur fearr leis dá mbeadh na lapaí gan chlúid. Ansin chuir mé saghas "spats" air, déanta as seanstocaí freisin. Anois, tá socrú nua againn: burlaim a gcosaí i "ACE bandages", go han-scaoilte (níor mhaith liom bheith ag cúr isteach ar an imsruth). Is Mummy-Cat Cluasa Bhándhearga anois!

Tá a fhios agam faoina "Elizabethan collars", ach ceapaim go bhfuil an socrú seo níos fearr ag an am seo.

Níl Cluasa ábalta bheith ag léim, ach tá sé ábalta bheith ag siúil, go ciotach. Bíonn Dougal agus Cluasa ag imirt le chéile arís.


Sean Tom
Sean Tom
Cluasa Bándearga
Cluasa Bándearga

Mummy Cat
Mummy Cat


cartún = cartoon
le déanaí = recently
mothú = sensation
cosa deiridh = hind legs
claonadh = tendency
iad a róghlanadh = to clean them excessively
iad a chosaint = to protect them
Dá bhrí sin = for that reason
saghas = type, kind, sort
bróga = boots
seanstocaí = old socks
lapaí = paws
gan chlúid = uncovered
socrú = arrangement
burlaim = I wrapped
go han-scaoilte = very loosely
ag cúr isteach ar = interfering with
imsruth = circulation (of blood)
ábalta = able to
léim = jump
go ciotach = clumsily

I'm still learning, so don't model your Irish on mine.

12 June 2005

|337 as Gaeilge

Tó5 50 b05 é.

Tá mé |337, 50 r4ibh m4i7h 4547.

(Tá "5" in a cosúil leis an "g" ar an seanchló.)

09 June 2005

31 May 2005

Cluasa abhaile

Tá Cluasa abhaile anois. Nuair a chonaic mé é, bhris mo chroí. Is beag an tairbhe a dhéanfaidh a chosa deiridh dó. d'imigh mé agus ualach ar mo chroí. Bhí an-imní orm i rith na tiomána abhaile.

Ach nuair a tháinig muid abhaile, d'éirigh mo chroí. Bhí Cluasa iontach sásta a bheith abhaile. Déan sé cúpla "bunny hops", agus ansin bhí a fhios agam go gcuirfidh sé in oiriúint.


abhaile = at home
Nuair a chonaic mé = when I saw
bhris mo chroí = my heart broke
Is beag an tairbhe a dhéanfaidh... = ... is/are of little use
cosa deiridh = hind legs
d'imigh mé = I left
agus ualach ar mo chroí = with a heavy heart
Bhí an-imní orm = i was very worried
i rith na tiomána = during the drive
d'éirigh mo chroí = my heart lightened
iontach sásta a bheith = very happy to be
go gcuirfidh sé in oiriúint = that he would adapt

I'm still learning, so don't model your Irish on mine.

30 May 2005

Cluasa ag teacht abhaile

Tá Cluasa ag teacht abhaile amárach! Dúirt an tréidlia go bhfuil beagán pairilis sna cosa deiridh, agus níl aon mhothú sna lapaí. Ach tá sé ábalta na cosa deiridh a úsáid beagán; tá sé ábalta litter-box a úsáid. Bíonn sé ag ithe go maith. Níl muid cinnte go mbeidh sé ina chló féin arís riamh, ach beidh an-áthas ag mise agus Dougal an créatúr abhaile arís. Tabharfaidh muid iontach aire dó.


ag teacht abhaile = coming home
ag caint le = talking to
tréidlia = vet
beagán = some
pairilis = paralysis
na cosa deiridh = hind legs
mothú = sensation
lapaí = paws
úsáid = use
go mbeidh sé ina chló féin arís = that he will recover fully
Tabharfaidh muid iontach aire dó = we will take good care of him

I'm still learning, so don't model your Irish on mine.

27 May 2005

Fánacht

Tá má tar éis ag caint leis an tréidlia, agus tá Cluasa beagán níos fearr anois. Tá sé ag anáil níos éasca arís. Dúirt an tréidlia nach gá leis eotanáis ag an bpointe seo, caithfidh muid just wait and see. Tá Cluasa níos compordaí anois, agus ba é sin m'imní.

Tá Dougal ag lorg i ngach áit ar a chara.


ag caint le = talking to
tréidlia = vet
beagán = somewhat
níos fearr = better
ag anáil = breathing
níos éasca = more easily
...nach gá le = ...that it is not necessary
eotanáis = euthanasia
ag an bpointe seo = at this point
caithfidh muid= we must
níos compordaí = more comfortable
ba é sin m'imní = that was my worry
ag lorg = searching
gach áit = everywhere

I'm still learning; don't assume my Irish is correct.

Cluasa ar meathlú slainte

Níl Cluasa go maith ar chor ar bith. Tá an anáil i mbarr a ghoib aige arís. Ceapaim gur eotanáis an rud ceart a dhéanamh.

26 May 2005

Cluasa ag feabhsú

Tá Cluasa ag feabhsú! Tá sé ábalta na cosa deiridh a úsáid beagáinín, agus tá sé ag anáil níos éasca. Níl sé thar an mbarra go fóill, ach dúirt an tréidlia go bhfuil sé ag feabhsú i bhfad níos tapa ná mar a bheadh coinne aige.

25 May 2005

Cluasa Bocht

Tá Cluasa Bhandhearga (cat mo mhadadh) tinn. Bhí sé ceart go leor ar maidin, nuair a éirigh mé. Ach cúpla uair tar éis sin, chuala mé "mew". Chuaigh mise agus Dougal an cat a fháil, agus bhí sé faoin leaba. Ní raibh sé ábalta a chosa deiridh a úsáid, agus bhí an anáil i mbarr a ghoib aige. Tá an tréidlia uair is leath ón teach, agus ní raibh mé cinnte go mairfeadh sé an turas. Ach mhair sé. Is gá leis an tréidlia X-rays agus scrúduithe eile, agus mar sin, chuaigh mé abhaile.

Chuir an tréidlia glaoch orm níos moille, agus dúirt sé gur téachtán fola a bhí i gceist. Thug sé leigheas frith-théachtán dó, agus tá an cat ar ocsaigin anois. Níl aon rud a dhéanamh ach fánach. B'fhéidir go bhfuil scéal againn amárach.

22 May 2005

Wombat's Wise Eurovision Observations

Ní raibh mé ag amharc an Eurovision ach ar son ainmeacha na tíórtha as Gaeilge a cleachtadh. Sin an fhirinne. ;^)

Beidh sé beagáinín depressing gan Éire sa cluiche ceannais. Ach beidh mé ag amharc.

An bhfaca sibh an cailín leis an flame thrower?

Tá an Ungaire as gléas, ach tá na rinceoirí go maith.

Is amhránaí thar barr í an bean as Málta, ach bhí an amhrán leadránach.

Is saghas Poison/Whitesnake rip-off an banna as An Ioruaidh.

Is breá liom an Mamó as Muldova!

Amhránaí eile thar barr í an bean as Iosrael, beagáinín ina cosúil le Kate Bush. Ach arís, bhí an amhrán leadránach.

Tá Rónán Keating ag canadh ar son an Danmhairg.

Rocann An Ucráin! Seo an t-aon amhráin amháin le hanam! Tug faoi deara nár scríobhadh an t-aon amhráin mhaith ar son An Eurovision. An Ucráin abú!

Bíonn Abba beo agus ina gcónaí i gCroatia.

Cén fath nach bhfuil aon rinceorí fireann agamsa?

21 May 2005

peist

Tá mé ag obair ar an fál nuair atá an t-am agam, agus nuair atá an aimsir go maith. Caithfidh mé é a chríochniú i gceann ceithre nó cuig seachtaine, mar bíónn na halpacaí ag ithe an féar go tapa.

Nuair a theann mise agus Dougal sios go dtí na halpacaí, tháinig madadh beag eile go minic. Is mór an crá é. Nuair nach bhfuil sé ag éirí Dougal a "hump", tá sé ag mún ar gach rud ar fáil. Inniu, thosaigh sé mún ar Dougal bocht!!! Bhí fearg orm, cinnte, agus sheol mé amach an peist. Ach is deacair an madadh sin a choinneal amuigh. Is éasca duit dul faoin fál.

15 May 2005

Cé ar breá leis an tseacláid?

Cé ar breá leis an tseacláid?
Is maith le cách an tseacláid!
Ní fuath le héinne 'n tseacláid
Mar is maith le cách an tseacláid!

Cé ar breá leis an tseacláid?

02 May 2005

ag rómhar

Tá mé ag tógáil cupla geataí nua, agus ag rómhar poill poist leis. Tá mé ag dul i bhfeabhas le chleactadh. Bhí an chead pholl éasca go leor, ach chaith mé trí chloch mhór a thógáil amach leis an dara cheann.

Thiomáin mé sé nó seacht bpost isteach an balla clocha. Ní raibh sé éasca na seanphoill (cá raibh na seanphoist) a fháil.

27 April 2005

reiligiúin

Ceapaim féin go bhfuil gach reiligiúin mar aistriúchán na firinne... an fhirinne nach bhfuil inráite go díreach ar aon teanga.

26 April 2005

cuaille geata

Lá álainn a bhí ann inniú. Rómhair mé poll sa talamh ar son cuaille geata. Bím ag tógáil mainnear de na halpacaí. Tá sé níos éasca leigheas a thabhairt dóibh, agus rudaí eile a dhéanamh, nuair atá siad in spás níos lú.

rómhair = dig
cuaille geata = gate-post
mainnear = pen, small enclosure
leigheas = medicine

25 April 2005

Wombat's Words o' Wisdom

Labhair Gaeilge go gortaíonn sé!

Nuair a bheas wombait eisreachta, ní bheith wombait ach ag eisreachtaithe.

Ní uimhir mé! Is wombat saor mé!

Aithníonn wombat wombat eile.

17 April 2005

Imeartas focal

What does a Connemara farmer call his combine harvester?
A Shéamaisín

Imeartas focal = pun

12 April 2005

brionglóid

Bhí brionglóid aisteach aréir. Sa bhrionglóid, bhí mé ag obair ar an chluiche eachtra atá mé ag forbairt, agus tháinig smaoineamh domh: déanfaidh athrú simplí grafaic an cluiche i bhfad níos fearr. Nuair a dhúisigh mé, bhí a fhios agam go mbeidh an smaoineamh éasca agus glice. Rinne mé an t-athrú inniu, agus tá mé iontach sásta leis na toraidh.

10 April 2005

ESB (Electricity Sometimes Board)

Sa cheantar seo, lasann ESB (an soláthraí leictreachais) an leictreachas thart fa sé huaire i mbliana, ar feadh ocht n-uaire gach am. Fograíonn siad na héarthaí seirbhíse ar tosach, ach ní thig liom cúl a choinneáil ar an smaoineamh go bhfuil muid drochúsáidte, mar níl má ábalta bheith ag obair i rith an t-am sin. Ní cheap mé go thigfidh leo éarthaí seirbhíse mar sin i mBaile Átha Cliath!

Ach chuaigh siad thar fíor inniu! Thósaigh Dougal glamach, agus chaith mé súil fríd an fhuinneog an "backhoe" a fháil amach, ag tiomáint ar mo pháirc. Bhris meáchan an backhoe na clocha "paving" a chuir mé sna áit níos salaí, agus bhris sé cuid den choincréit ag coinneáil an gatepost. Ghlaigh mé ar an tiománaí, agus d'iarr mé go múinte cad a dhéanann siad.

"We're replacing the utility pole," ar seiseann.

"If you had notified me in advance that you were coming onto my land, I could have moved these pavers so they wouldn't have been crushed. And I would ensure that my animals were in another field. fortunately for you, I moved them yesterday, but that was pure coincidence."

D'fhéach sé ar an pavers briste. "Oh, sorry, I thought this was all wilderness."

Fásach? Fásach?!! Cén sórt fásach an bhfuil bóitheach suite air? Cén sórt fásach an stráice fáda agus caol é, ag rith go dtí an fhairrge? Cén sórt fásach an bhfuil raca féir tirim air? Cén sórt fásach an bhfuil fál thart? An bhfuil an féar ite faoi orlach don talamh i bhfásach? An bhfuil cuma manicured golf course air?

Tháinig maor na hoibre, agus d'iarr mé go múinte an thugfeadh siad fogra orm ar tosach an t-am seo chugainn go togann siad áiseanna ar mo chuid talamh, agus bheadh mé ábalta bheith cinnte go mbeadh mo chuid ainmhithe ar an pháirc eile, agus bheadh an treo glánta.

"Sorry, ESB are supposed to get permission in advance for us to come onto your land. All I can do is apologise, but if it's any consolation, we shouldn't have to come back again."

Nuair a imigh mé, dúirt sé "lovely old dog, that". Léirigh mé nach bhfuil Dougal sean i ndáiríre, ach bhí máchail air. D'inis mé scéal Dougal air.

Chomh deas an fear sin. Iontach cliste freisin, ag aithint madadh speisialta nuair a fheiceann sé ceann.

08 April 2005

Ag seoladh na n-alpacaí

Bhí orm na halpacaí a sheoladh go dtí an pháirc íochtarach. Thug mé ceacht eile leis an adhastar do mo chuid alpacaí, agus tar éis an ranga, cheap mé go raibh siad réidh siúil taobh amuigh den pháirc ar iall. Tháinig mo chomharsana mé a chuidiú, agus bhí siad dichreidmheach. (Roimhe sin, sheolaimis na halpacaí sa chaoi chéanna mar chaoirigh nó beithígh.) Ach ní raibh sé deacair ar bith. Chuaigh mé ar tosach leis an mhaitriarc, agus lean na daoine eile leis na alpacaí eile. (Bhí mé ag úsáid siceolaíocht alpaca!) Bhí sé éasca go leor, agus fuair cúpla turaseoir grianghraif mhaith.

Lá eile in Iardheisceart Dhún na nGall.


ceacht = lesson
adhastar = halter
seoladh = herding
ar iall = on a lead/leash
dichreidmheach = sceptical (skeptical)
-aimis = verb ending for past habitual "we used to..."
maitriarc = matriarch
ar tosach = in the lead
siceolaíocht = psychology

07 April 2005

Spá na nAlpacaí

Thug mé vacsaíniúithe do mo chuid alpacaí, agus ghearr mé a n-ingne coise. Bhí mé ábalta é a dhéanamh i m'aonar mar tá siad compordach leis an adhastar. (Níl cruibeanna ag alpacaí.) Agus ansin, nigh mé mo mhadadh. Tá tuirse orm anois.

vacsaíniú = vaccination
ionga coise = toe-nail
crub = hoof

05 April 2005

focal nua

Inniu, bhí mé ag caint le mo mhadadh (as Gaeilge, cinnte) agus duirt mé "maith dogadh". Is docha go raibh mé ag smaoineamh faoi "dog" agus "madadh" ag an am céanna.

Chuaigh muid go dtí an co-op "nummies" alpaca a cheannach. Agus ansin chuig siopa earraí do "crowbar". Tá "Mr. Pointy", mo crowbar eile, ar strae sa pháirc in áit éigin, agus is gá liom fál eile a thógáil.

02 April 2005

Alien Abductions

Stad na fuadaigh anois! Déan hata as tinfoil:
http://www.stopabductions.com/

30 March 2005

an leibhéal ceart

Cheapaim go bhfuil an rang ag an leibhéal ceart domhsa. Níl focal Béarla ar bith ann. Nuair nach dtuigimid focal, ní leirigh an muinteoir an focal seachas fríd an Ghaeilge. Agus muiníonn sí gramadach fríd an teanga freisin.

29 March 2005

Lá iontach eile!

Lá iontach eile! Maidin inniu, bhí muid ag stáideir an tuisil ginideach agus na díochlaontaí. Tar éis an am lón, bhí diospoireach again faoina buntaiste agus na míbhuntaiste ar an cosc tobac sa phub.

Tá mé an-ghnóthach an seachtain seo. Bím ag obair tar éis an rang gach oiche, ag deanamh reidh tairiscint.

Fuair mé píosa beag Alice in Wonderland as Gaeilge ar an idirlín. Níl an teanga rodheacair. Bain sult as:

http://www.evertype.com/gram/scathan.html

diospoireach = discussion, debate
buntaiste = advantage
míbhuntaiste = (can you guess?)
tuisil ginideach = genitive case
díochlaontaí = [noun] declensions
tairiscint = proposal

28 March 2005

sceitimíní

Tá sceitimíní orm! Inniú, bhí roinnt m'aigne ag labhairt Gaeilge leis na daoine eile, agus cheap an roint "Cé hí an daoine atá ag caint chomh tapaí sin gan stad? Ohhhh... is mise!" Bhí sé dochreidte... bhí mé ag caint Gaeilge beagnach chomh easca mar atá mé ábalta caint i mBearla.

27 March 2005

Leibhéal 4 nó 5?

Tá mé ag freastail rang ag Oideas Gael an seachtain seo. Seo an séú ham domh. Bhí ceithre leibhéal inniú, agus chuaigh mé go leibhéal a ceathair. Bhí an leibhéal go díreach ceart domhsa; ní raibh sé ró-éasca nó ródheacair. Ach bhí an iomarca daoine ann, agus mar sin scaradh an rang, dhá rang a dhéanamh. Níl mé cinnte gur fearr liom fanacht i leibhéal a ceathair nó dúl go leibhéal a cúíg. B'fheidir go mbainfidh mé triall as an leibhéal is airde.

seisiún

Chuaigh mé chuig seisiún cheoil anocht. Níor chleacht mé an fidil le sé mhí anuas, agus bhí súil agam go mbeadh mo sheinm uafasach ar fad. Ach bhain mé an sult as an seisiún, agus ní raibh mo sheinm rodhona.

17 March 2005

Wombat Penwan

Conas a deirtear "Muddle-headed wombat" as Breatnais? Seo é: Wombat Penwan

09 March 2005

Litir Deas

Fuair mé litir iontach deas inniu, ó mhac léinn áitiúil atá ag úsáid Seans Eile. Thug mé dluthdhioscaí le Seans Eile dá rang, agus dúirt sé gur rinne sé sochar mór dí. Tá sceitimíní orm! B'fhéidir go gcuirfidh mé an litir i bhfráma.

16 February 2005

Cluasa Bhándearg Abhaile

Thug mé Cluasa Bhándearg ag an tréidlia inné. Choill siad é ar an maidin, agus tá sé abhaile anois. Bhí uaigneas ar Dougal gan a phiscín. Chuir mé Cluasa sa seomra eile, agus druid mé an doras -- níl Dougal sásta leis sin. Ach ba mhaith liom Cluasa a scíth a ligean ar feadh tamall beag eile. Chuir mé cóir ar Dougal, a intinn a tarraingt ó Chluasa.

tréidlia = vet
coill = castrate
cuir cóir ar = groom

14 February 2005

Bristí Cearnógach

Ollamh a pháistí?
"Aye, Aye chaptaen."
Níos airde fiú!
"AYE AYE CHAPTAEN!"

Cé chónaíonn in anann i mbun an aigéin - Spongebob Squarepants
É súiteach is buí is póiriúil ann féin - Spongebob Square Pants
Más amaidíocht mara atá uait i do chroí - Spongebob Square Pants
Suas ar an deic agus téimís ag Spraoi - Spongebob Squarepants

muinín

Nuair a thosaigh mé mo ghnó féin, bliain is leath ó shin, ní raibh mórán muinín agam ann. Ach anois, tá gach rud difriúil. Bím ag caint i gcónaí le daoine atá ag foghlaim Gaeilge, agus ba bhreá leo aon saghas bog earraí.

Tá an rang áitiúil ag úsáid mo chlár Seans Eile le cleachtadh ar son na hardteistiméireachta. D'úsáid siad an clár anuraidh, agus arís an bhliain seo. Tá bród orm as.

Tá pleananna go leor agam faoi bog earraí eile. Caithfidh mé an cluiche eachtra a chríochnú roimhe sin.

28 January 2005

Gan luch

Úsáidaim méarchlár áirithe le cupla bliain anuas, agus tá sé íontach neamhcoitianta. Seo an pictiúir. Cupla lá ó shin, bhris mé é. Tá cara liom ag éirigh é a dheisiú, ach go dtí sin, tá mé ag úsáid seanmhéarchlár a bhí agam, agus an luch faighte ar íasacht ón cara céanna. Agus inniú bhris an luch! Aggggggggggghhhhhhhhhhh!

21 January 2005

Tuille, madadh, agus cat

Tá mo teach ar taobh na sleibhte. Tá an draenáil go maith an chuid is mó den am, ach, anois is arís, tachtann an píopa ar chúl mo theach. Agus ansin, tá tuille bheag tríd an halla.

Níos déanaí, ba mhaith le mo mhadadh dul amach. Bhí sé amach níos mó ná atá gnáthiúil, agus nuair a chuaigh mé go bhfeiceáil, lig mé amach an cat! Ní maith le Dougal "a chat" a bheith amach, agus d'fhán sé a chat a thabhair aire. Bhí siad suas aill beag. Bhí sé dorcha, agus fuair, bhí sé ag cur báisti, agus níor mhaith liom an aill a dhul suas ag an am sin. Maidin inniú, dreap mé an aill, fuair an cat, agus ansin bhí an madadh sásta teacht isteach. Bhí an-láib ar an peire acu.

draenáil = drainage
tacht = choke, clog
tuille = flooding
halla = hall
aill = cliff
láib = mud
Dougal = an madadh is fearr an domhain

16 January 2005

alpaca eile

Thiomáin mé go Co. Uíbh Fháilí agusnar ais go Dún na nGall inniú, alpaca eile a bhailiú. Bhí sé saor in aisce mar fuair Gibney bocht bás. Bhí mé ag cuidiú le vacsaíníu an tréada sular fhág mé, agus tá mé íontach tuirseach anois.

13 January 2005

Gentoo

Chuir mé Gentoo ar mo ríomhaire. Tá i bhfad níos mó smacht agam ar Gentoo ná a raibh agam ar Red Hat.