Chuaigh mé chuig seisiún cheoil anocht. Níor chleacht mé an fidil le sé mhí anuas, agus bhí súil agam go mbeadh mo sheinm uafasach ar fad. Ach bhain mé an sult as an seisiún, agus ní raibh mo sheinm rodhona.
Lá amháin, bhí wombat spadintinneach ina shuí san fhéar, agus an-uaigneas air. Is ainmhí cearnógach é an wombat, a mbíonn fionnadh tiubh mar mhata tairsí air, cosa giortacha air, agus gan aon eireaball air ar fiú trácht air. Bíonn súile donna air, agus srón chothromach chompordach leathrúil mar koala air. Bhí uaigneas ar an wombat seo mar bhí sé gan deirfiúr ná deartháir ná aintín ná uncail ar bith aige, agus thairis sin, chaith sé a airgead póca go léir.
"Is mian liom cara a bheith agam," a dúirt sé leis féin, "cara deas beag sócúlach a rachadh isteach i bpóca mo chairdeagan. Bheadh eachtraí go leor ag wombat le cara mar sin."
-- The Muddle-headed Wombat by Ruth Park (aistriúchán Ghaeilge agam)
No comments:
Post a Comment