Hi, a chara. An bhfuil do intinn déanta suas agat cén suíomh blagála is rogha leat? Blogger, livejournal no jablog (nó an bhfuil ceann eile fós agat nár tháinig mé trasna go fóill?)
Is maith an rud go bhfuil do shean-mhéarchlár deisithe agat. Nuair a théann tú i dtaithí ar uirlis bíonn sé deacair athrú.
Lá amháin, bhí wombat spadintinneach ina shuí san fhéar, agus an-uaigneas air. Is ainmhí cearnógach é an wombat, a mbíonn fionnadh tiubh mar mhata tairsí air, cosa giortacha air, agus gan aon eireaball air ar fiú trácht air. Bíonn súile donna air, agus srón chothromach chompordach leathrúil mar koala air. Bhí uaigneas ar an wombat seo mar bhí sé gan deirfiúr ná deartháir ná aintín ná uncail ar bith aige, agus thairis sin, chaith sé a airgead póca go léir.
"Is mian liom cara a bheith agam," a dúirt sé leis féin, "cara deas beag sócúlach a rachadh isteach i bpóca mo chairdeagan. Bheadh eachtraí go leor ag wombat le cara mar sin."
-- The Muddle-headed Wombat by Ruth Park (aistriúchán Ghaeilge agam)
2 comments:
Hi, a chara. An bhfuil do intinn déanta suas agat cén suíomh blagála is rogha leat? Blogger, livejournal no jablog (nó an bhfuil ceann eile fós agat nár tháinig mé trasna go fóill?)
Is maith an rud go bhfuil do shean-mhéarchlár deisithe agat. Nuair a théann tú i dtaithí ar uirlis bíonn sé deacair athrú.
Is Blogger an suíomh blagála is fearr liom anois. Ceapaim go bhfuil níos mó features ar fáil gan íoc.
Post a Comment