14 February 2005

muinín

Nuair a thosaigh mé mo ghnó féin, bliain is leath ó shin, ní raibh mórán muinín agam ann. Ach anois, tá gach rud difriúil. Bím ag caint i gcónaí le daoine atá ag foghlaim Gaeilge, agus ba bhreá leo aon saghas bog earraí.

Tá an rang áitiúil ag úsáid mo chlár Seans Eile le cleachtadh ar son na hardteistiméireachta. D'úsáid siad an clár anuraidh, agus arís an bhliain seo. Tá bród orm as.

Tá pleananna go leor agam faoi bog earraí eile. Caithfidh mé an cluiche eachtra a chríochnú roimhe sin.

No comments: