25 May 2005

Cluasa Bocht

Tá Cluasa Bhandhearga (cat mo mhadadh) tinn. Bhí sé ceart go leor ar maidin, nuair a éirigh mé. Ach cúpla uair tar éis sin, chuala mé "mew". Chuaigh mise agus Dougal an cat a fháil, agus bhí sé faoin leaba. Ní raibh sé ábalta a chosa deiridh a úsáid, agus bhí an anáil i mbarr a ghoib aige. Tá an tréidlia uair is leath ón teach, agus ní raibh mé cinnte go mairfeadh sé an turas. Ach mhair sé. Is gá leis an tréidlia X-rays agus scrúduithe eile, agus mar sin, chuaigh mé abhaile.

Chuir an tréidlia glaoch orm níos moille, agus dúirt sé gur téachtán fola a bhí i gceist. Thug sé leigheas frith-théachtán dó, agus tá an cat ar ocsaigin anois. Níl aon rud a dhéanamh ach fánach. B'fhéidir go bhfuil scéal againn amárach.

No comments: