De bhrí go mbíonn na siopaí dúnta Lá Caille, d'fhán mé go foighideach go dtí an céad lá eile gás cócaireachta a cheannach. Ach níor thosaigh an charr. Níor mhaith liom cuir trioblóid ar mo comharsana, agus dá bhrí sin d'fhán mé cúpla lá eile, go dí De Luain, nuair a bheadh an garáiste oscailte.
D'éirigh mé go luath maidin inniu, agus thosaigh mé an cithfholcadán. Ach bhí sé as feidhm freisin! Bhí mo chuid gruaige ró-shalach, agus dá bhrí sin, nigh mé mo chuid gruaige sa doirteal agus rinne mé "folctha spúinse". Ní raibh sé ró-dheas i mí Eanáir.
Chuir mé glaoch ar an gharáiste tar éis sin, ach ní raibh siad ábalta teacht mar tá an iomarca oighir ar na bóithre. Agus ar aon chaoi, dá dheiseoidís mo charr, níor mhaith liom tiománt díreach anois. B'fhéidir go leáfaidh an oighir i gceann cúpla huaire.
Ní raibh bia té agam le ceithre lá anuas!
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment