10 June 2010

Páipéir agus Pinn

Tá mé ar saoire an tseachtain seo. Níl mé ach chillin' sa bhaile, ach is iontach mo scíth a ligeann.

Scríobh mé an chéad dréacht do mo chéad pháipéar an tseachtain seo chaite, agus bhí mo chomhairleoirí an-sásta leis. Is dócha go mbeidh mé ábalta é chríochnú an tseachtain seo chugainn. Ansin, caithfidh muid iris mheasúnaithe atá sásta é a chur i gcló. Tá sé ag plé le ríomhaire cláraitheoir do líonra néarach, agus tá mé ag úsáid Haskell mar shampla.

Tá caitheadh aimsire nua agam: pinn tobair. Inniu fuair mé Sailor Sapporo, dubh le cóiriú "Rhodium", le gob 14K "F". Scríobhann sé go séimh agus go mín. Iontach deas. Tá Sailor Industrial Revolution agam freisin. Tá sé beagnach chomh deas leis an Sapporo, ach tá gob cruach aige.

Thosaigh mé aibítir Hiragana a fhoghlaim inné. Seo an chéad litir: あ. Scríobh mé an litir thart fá caoga am, agus dá bhrí sin, tá an-aithne agam air.

No comments: