12 May 2008

Teicleid: aicearra cuardaigh

Agus mé ag úsáid Firefox, bíonn a lán cluaisín oscailte agam le foclóirí Ghaeilge de gnáth. An Foclóir Beag, Focal.ie, acmhainn.ie, Credo (sin suíomh rannpháirtí, ach is dócha go bhfuil ball ar fáil saor in aisce fríd do leabharlann aitiúil) agus mar sin de. Ach tá caoi níos fearr agam anois.


Mar shampla: Ma ba maith leat aicearra le Focal.ie, teigh chun an suíomh (http://www.focal.ie/home.aspx). Deaschliceáil ar an bocsa cuardaigh, agus roghnaigh "Cuir lorgfhocal leis an cuardach seo...". (Má tá tú ag úsáid Firefox as Béarla, ceapaim go bhfuil an roghnú "Add a keyword for this search..." nó rud mar sin.) Mar ainm, clóscríobh "Focal.ie". Mar lorgfhocal, úsáid rud gearr agus sochuimhnithe mar "fie". Cliceáil "Cuir leis" (nó "OK") agus sin a bhfuil. Ansin cuirfidh tú "fie focal" sa suíomhbharra (location bar) Focal.ie a chuardach.





When I use Firefox, I usually have a bunch of tabs open to Irish dictionaries. An Foclóir Beag, Focal.ie, acmhainn.ie, Credo (a subscriber site, but you may be able to get a free subscription through your local library) and the like. But now I have a better way.

For example, if you want to create a shortcut to Focal.ie, go to the site (http://www.focal.ie/home.aspx). Right-click on the search box and select "Cuir lorgfhocal leis an cuardach seo...". (If you use Firefox in English, I think the selection is "Add a keyword for this search..." or something like that.) For name, type "Focal.ie". For the keyword, type something short and memorable like "fie". Click "Cuir leis" (or "OK") and you're done. Then you can type "fie focal" in the location bar to search Focal.ie.

I'm a learner, and I make plenty of mistakes, so don't model your Irish on mine!

3 comments:

Kevin Scannell said...

Maith thú - is maith liom an cleas seo.

Dála an scéil, táimid ag obair ar leagan 3.0 de Firefox Gaeilge faoi láthair, agus beidh cúpla breiseán cuardaigh nua seolta leis, focal.ie san áireamh:
http://mycroft.mozdev.org/download.html?name=focal.ie&category=all&country=all&language=all&submitform=Search&sherlock=yes&opensearch=yes

Unknown said...

@ Kevin, sin iontach! ag súil go mór leis...

@Wombat,
Gach seans go bhfuil tú ar an eolas cheana féin, ach bheinn thar a bheith buíoch dá bhféadfá an scéal a scaipeadh mar gheall ar chomórtas blagáil an Oireachtais – tá súil agam go bhfuil tú féin ag smaoineamh ar cur isteach air! Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt, pholaitiúil nó eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil, drámaíochta, scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).
Déantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008 a mheas.
Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos; chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige; an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d'fhoinsí eile agus a chuid scríbhneoireachta féin); an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge; an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith
curtha ar fáil).

Muddle-headed Wombat said...

@Kevin - Oooh... caithfidh mé triall a bhaint as!

@Oifig - GRMA, tá suim agam ann, cinnte.