09 May 2008

bainisteoirí fuinneog

Cuid de na fáthanna is maith liom Linux ná bheith ábalta roghnú idir a lán bainisteoirí fuinneog. Bainfidh mé triall as bainisteoir fuinneog eile gach cúpla mhí! Seo screenshot ar an ceann is fearr liom faoi láthair. (Níl feidhmchlár ar bith tosaithe agam.Sin an cúlra réamhshocrú.)

Leadránach, an dúirt tú? Bhuel, is úsáideoir neamhchoitianta mé. Is fearr liom gach feidhmchlár a bheith lánscáilean, agus mé Alt-Tabáil eatarthu. Ní fheicim an deasc ach nuair a thosaíonn an bainisteoir fuinneog. Ní tascbharraí de dhíth orm. Ní maith liom rud ar bith le feiceáil seachas an feidhmchlár atá mé ag úsáid ar an bhomaite. Shocraigh mé ceangail eochracha na feidhmchláranna is fearr liom a thosú, nó an roghchlár a tharraingt anuas. Is cóiriúil deasc íostach don intinn beothach.

Agus mar sin de, cad é an bainisteoir fuinneog atá mé ag úsáid faoi láthair? Féach ar an phictiúr arís agus tóg buille faoi thuairim sa mhír tráchta.


One of the things I like best about Linux is having a wide choice of window managers. I try a new one every few months! Here's a screenshot of my fave at the moment. (No apps have been started yet. This is the default background.)

Boring, I hear you say? Well, I'm an unusual user. I prefer to work with all my apps full-screen, Alt+Tabbing between them. I only see the desktop when I start the manager. I've no use for taskbars. I don't want to see anything except the app I'm using at that precise moment. I've set up key bindings to launch my favourite apps, or to raise the menu. A minimalist desktop suits a lively mind.

So, what window manager am I using at the moment? Look at the screenshot again and take a guess in the comment section.


I'm a learner, and I make plenty of mistakes, so don't model your Irish on mine!

3 comments:

Kevin Scannell said...

blackbox?

Muddle-headed Wombat said...

Good guess, ach tá sé mícheart.

An tusa an fear a scríobh Gramadach? Is breá liom é, agus Litreoir GaelSpell do Mhozilla freisin.

Kevin Scannell said...

An fear céanna. Agus go raibh maith agat - tá áthas orm gur maith leat na huirlisí sin, fiú go bhfuil duine éigin ann atá ag baint úsáide astu!

Fear mór GNU/Linux mé freisin. Táim ag obair ar an aistriúchán KDE le cúpla bliain anuas. Bheadh fáilte romhat san obair sin - easpa foirne orainn.