05 November 2005

eBay

Dhíol mé cúpla rud ar eBay le déanaí. Nuair a dhíoltar earraí ar eBay, íoctar fríd PayPal go hiondúil, agus bheadh cathú ann an t-airgead PayPal a chaitheamh ar eBay freisin. Cheannaigh mé cúpla leabhartha nua, agus rudaí eile. Ag siopa eBay éigin, cheannaigh mé saghas yoke a chuirtear ar do chuid eochracha. Nuair a ligeann tú fead, blípeann sé, agus beidh tú ábalta do chuid eochracha a fháil. Ach níor oibrigh sé domhsa. Lig mé fead arís agus arís gan toradh.

Ní raibh fadhb mhór ann ag an dtús; bhí an cat ábalta é a ghríosú gan fadhb ar bith. Nuair a chuirfinn na heochracha as ionad, shiúlfainn mé go dtí an cuisneoir. Cheapfainn an cat go mbeadh seans lán sásáir bainne ann agus thosódh sé ag meowáil. Thosódh an yoke ag blípáil agus gheobhainn na heochracha.

Ach bhí fadhb eile ann. Cé nach bhfuil mé ábalta é a ghríosú, blípfeadh sé nuair a bheadh duine eile ag caint liom. Faoi dheireadh, chuir mé sa chófra é.

B'fhéidir go ndíolfaidh é ar eBay.