28 August 2006

Ag craoladh go dána ón áit nach ndeachaigh duine ar bith roimhe sin.

Beidh cuma nua ar RTÉ inniu. Ach nach n-aithním an cúlra? Nach Bac an Réaltra (Galactic Barrier) ón Star Trek é? Fágfaidh mé ar do bhreithiúnas féin é.



Clibeanna:

10 August 2006

Teicleid

Mura bhfuil a fhios agat An Gramadóir, ba ceart duit smaoineamh air. Tá sé saor in aisce, agus iontach áisiúil do foghlaimeoirí. Úsáidim é go rialta.

Is é Linux an córas oibriúcháin atá ar mo ríomhaire. Tá mo mheaisín cumraithe fá choinne UTF-8 a úsáid, ach tá An Gramadóir ag súil le ISO-8859-1 mar réamhshocrú. Tá lasc ordaithe ar fáil, "--ionchod", a stiúrann an iompraíocht sin. Mar shampla:

gram-ga.pl --ionchod="utf-8" myfile.txt

If you don't know about An Gramadóir, you should check it out. It's free, and very useful for learners. I use it regularly.

My OS is Linux. My system is configured to use UTF-8, but An Gramadóir expects ISO-8859-1 by default. There is a command switch, "--ionchod", which controls this behaviour. See the example above.


Clibeanna: , , , ,

08 August 2006

Bí ansin nó bí cearnógach!















Píosa craic ón http://www.says-it.com/concertticket/index.php.

Seans Eile, leagan 3.3.0

Tá Seans Eile, leagan 3.3.0 ar fáil anois ag http://nualeargais.ie. Má tá Seans Eile agat cheana féin, lainseáil é agus do ríomhaire ceangailte leis an idirlín. Uasghrádóidh an feidhmchlár é féin sa ghnáthchúrsa.

Seans Eile is a free software program to help you practise your Irish.

Clibeanna: , , , ,