31 December 2005

Ag cur mo shaol faoi svn

Tá mé ag úsáid svn anois in áit le cvs mar version control. Ceapaim go bhfuil sé níos mó flexible.

Chuir me mo fillteán baile faoi smacht svn.

21 December 2005

IGTF as feidhm

Tá fadhb ag freastálaí IGTF faoi láthair. Níl aon eolas eile agam fós. Dá bhfaighainn aon eolas eile agam sula dtagann IGTF ar ais i bhfeidhm, cuirfidh mé é anseo.

There is a problem with the IGTF server at present. I don't have any other information yet. If I get any information before the server comes back online, I will post it here.

Logo Nua

Ar mhaith libh an lógó nua?

Nuair atá an cluiche eachtra críochnaithe, ba mhaith liom scríobh sa bhlog seo i bhfad níos minice. Is maith liom bheith ag scríobh, agus cuidíonn sé mo chuid Gaeilge.

Is cás liomsa agus le Dougal bás Chluasa Bándearga. Is dochreidte go bhfuil cat chomh bheag sin ábalta poll chomh mór sin a fhágáil inár gcroí. Ach dúirt cara liom go bhfuil piscín ag scroungeáil sa bhruscar sa Charraig. Tá mé ag fanacht ar bhriseadh an lae.

17 December 2005

Cluasa Bándearga

Inniu ar maidin, chuala Dougal agus mise fuaim anaithnid. Rith Dougal chun na fréimhe, agus mise ina dhiaidh. Bhí téachtán fola eile ag Cluasa Bándearga bocht. Fuair sé bás ina baclainn agam, agus "a" mhadadh in aice leis.

Choinnigh mé Cluasa ar feadh tamall ar fad, dá slíocadh, agus Dougal ag cur chóir air. Faoi dheireadh, chuir mé Cluasa i mbosca Amazon. Is breá liom leabhair, agus tá an-áthas orm pacáiste leabhar a fháil. Go raibh fáilte ar Neamh don phacáiste luachmhar seo sa chaoi chéanna.

05 December 2005

Kung Fú


Máistir Po: "An gcloiseann tú an dreoilín teaspaigh ag do chosa?"

Caine Óg: "A Sheanfhear, cad é an chaoi a chloiseann tú na rudaí seo?"

Máistir Po: "A fear óg, cad é an chaoi nach gcloiseann tú féin?"