11 June 2010

Peann nua, agus う

Fuair mé peann nua inniu. In ndáiríre, is sean-pheann é, Mabie Todd Blackbird óna tríochaidí. Tá beagán fleisc ar an gob, ina cosúil le cleiteán bídeach. Is foirfe é don scríobh Hiragana. Inniu, tá mé ag cleachtadh an tríú litir: う.

Níl plean agam Seapáinis a foghlaim; níl suim agam ach sa chóras scríofa faoi láthair. Ansin, cén fáth go bhfuil mé ag foghlaim an aibítir gan an teanga? Tá suim agam sa chórais scríofa go ginearálta. Agus ní maith liom nach bhfuil mé ábalta na focail is logainmneacha Seapáinise a aithint a bhfuil eolas agam orthu: kawaii, kimono, Kyoto, agus mar sin de.

An darna litir Hiragana

D'fhoghlaim mé an darna litir Hiragana: い. Bhú hú! Tá dhá litir agam anois. Agus thart fá céad eile le fhoghlaim. Agus ansin, Katakana agus Kanji.

Tá mé ag léamh a lán manga faoi láthair (ach i mBéarla -- ní thuigim Seapáinis). Scríobhtar iad ó dheis go clé (agus ó bhun go barr). Nuair a théim ar ais go greannán Béarla, is minic go léim iad ar an treo mí-cheart, agus ní bhím ábalta an greann a thuigbheáil!

10 June 2010

Páipéir agus Pinn

Tá mé ar saoire an tseachtain seo. Níl mé ach chillin' sa bhaile, ach is iontach mo scíth a ligeann.

Scríobh mé an chéad dréacht do mo chéad pháipéar an tseachtain seo chaite, agus bhí mo chomhairleoirí an-sásta leis. Is dócha go mbeidh mé ábalta é chríochnú an tseachtain seo chugainn. Ansin, caithfidh muid iris mheasúnaithe atá sásta é a chur i gcló. Tá sé ag plé le ríomhaire cláraitheoir do líonra néarach, agus tá mé ag úsáid Haskell mar shampla.

Tá caitheadh aimsire nua agam: pinn tobair. Inniu fuair mé Sailor Sapporo, dubh le cóiriú "Rhodium", le gob 14K "F". Scríobhann sé go séimh agus go mín. Iontach deas. Tá Sailor Industrial Revolution agam freisin. Tá sé beagnach chomh deas leis an Sapporo, ach tá gob cruach aige.

Thosaigh mé aibítir Hiragana a fhoghlaim inné. Seo an chéad litir: あ. Scríobh mé an litir thart fá caoga am, agus dá bhrí sin, tá an-aithne agam air.