28 September 2005

An Cúrsa Dioplóma

Thosaigh mé an cúrsa dioplóma sa Ghaeilge anocht. Tá cúpla cara liom ag freastal an rang freisin. Caithfidh muid sórt dialann a scríobh, ag lua na rudaí a fhoghlaim muid sa rang. Tá an "blog" seo agam cheana féin, agus cén dochar iad a chur le chéile? Anocht bhí muid ag caint faoi gramadaí. Bhí mise sásta leis sin, mar is maith liom gramadach, ach tá a fhios agam nach bhfuil an tuairim ró-choitianta. Athbreithnimid téarmaí na gramadaí: ainmfhocal, aidiacht, briathar, dobhriathar, réamhfhocal (simplí nó comhshuite), forainm agus forainm réamhfhoclach. Dúirt an múinteoir gur teanga réamhfhoclach í an Ghaeilge, agus bhí mé ag smaoineamh gur mhaith liom na briathra is coitianta a athbhreithnú, agus caidé mar a athraíonn an chiall nuair a chuirtear iad le réamhfhocal difriúil.

Bhí fhios agam go bhfuil difríochtaí gramadaí agus difríochtaí fuaimnithe idir na canúintí. Ach anocht d'fhoghlaim mé go bhfuil difríochtaí inscne freisin. Tá ainmfhocal éigin go bhfuil firinscneach sa cheantar amháin, agus baininscneach sa cheantar eile. Ní cuimhin liom ach sampla amháin: An Eargail, an sliabh is airde.

Tá mé ag obair ar an chluiche eachtra fós. Ba mhaith é a chríochnú roimh Nollaig, agus tá mé an-gnóthach anois. Leag mé amach an priomhcharactar arís, agus ceapaim is fearr liom é anois.

No comments: