31 January 2006

Fuair Gealán bás inniu. Bhí sé iontach tobann. Bhí sí ag feabhsú go tapaidh tar éis a hobráid. Bhí sí ag cur amach anois is arís, ach cheap mé gurb é na antibiotics an cúis. Ansin, anocht thosaigh sí ag meowáil, agus bhí sí ag corraí. Labhair mé leis an tréidlia on-call, agus cheap sé go raibh saghas calcadh ina bolg. Ach níor cheap sé gur cás práinne é, agus níor cheap mise ach a oiread. Mhol dom í a choinneáil te anocht, agus í a iompair chuig an tréidlia ar maidin le X-ray. Ach, go tobann, rinne sí níos measa, agus fuair sé bás. Bhí sé chomh tapaidh, ní raibh an t-am agam cur glaoch ar an tréidlia arís. Buíochas le Dia ní raibh sise agus Dougal ró-chairdiúil fós.

Ar a bheag, bhí teach aici, agus grá, ar feadh na sé seachtaine a saoil. Bhí sé iontach sásta anseo, ní dheachaigh sí áit ar bith in aice leis an doras!

Ceapaim go bhfanfaidh an wombat tamall beag roimh ainmhithe eile a fháil.

No comments: