15 March 2006

Seacláid

Dougal, Seacláid, Uachtar, CloydMás cuimhin leat, bhí fadhb torthúlacht ag Taipéis, an bheanalpaca. Nuair a cheannaigh mé í, bhí sé amuigh air go raibh sí ag súil le cria. Ach níor tháinig cria ar bith. Thug mé í chuig an stud an samhradh seo caite, ach gan toradh. Faoi dheireadh, chinn mé comhairle dheacair, agus anois tá beanalpaca eile agam mar mhalairt ar Taipéis.

Seo seacláid, agus tá sí ag súil le cria faoi Bhealtaine. Tá sí beag, ach tá sí i mbun a mhéide. (Is as An tSile í, agus de ghnáth, bíonn na halpacaí as Meiriceá Theas níos lú ná na halpacaí as tíortha eile.) Nuair a chonaic mé í ar dtús, cheap mé go mbeadh sé éasca í a chur sa jíp. Bhí sí chomh beag, agus bheadh sé éasca lámh mhaith a dhéanamh di. Ach tá sí iontach láidir! Ní raibh sé éasca í a chuir sa jíp! Ach anois, tá sí socraithe ina baile nua.

Cloyd, Uachtar, agus Seacláid

Cloyd, Uachtar, agus Seaclaid

No comments: