08 April 2005

Ag seoladh na n-alpacaí

Bhí orm na halpacaí a sheoladh go dtí an pháirc íochtarach. Thug mé ceacht eile leis an adhastar do mo chuid alpacaí, agus tar éis an ranga, cheap mé go raibh siad réidh siúil taobh amuigh den pháirc ar iall. Tháinig mo chomharsana mé a chuidiú, agus bhí siad dichreidmheach. (Roimhe sin, sheolaimis na halpacaí sa chaoi chéanna mar chaoirigh nó beithígh.) Ach ní raibh sé deacair ar bith. Chuaigh mé ar tosach leis an mhaitriarc, agus lean na daoine eile leis na alpacaí eile. (Bhí mé ag úsáid siceolaíocht alpaca!) Bhí sé éasca go leor, agus fuair cúpla turaseoir grianghraif mhaith.

Lá eile in Iardheisceart Dhún na nGall.


ceacht = lesson
adhastar = halter
seoladh = herding
ar iall = on a lead/leash
dichreidmheach = sceptical (skeptical)
-aimis = verb ending for past habitual "we used to..."
maitriarc = matriarch
ar tosach = in the lead
siceolaíocht = psychology

No comments: