17 July 2005

Lomadh

Fuair mé leantóir ar iasacht inné. Is beag an leantóir, agus ní raibh sé deacair ar bith tiomáint leis. Ach níor chodail mé go maith aréir mar bhí imní orm: An mbeidh mé ábalta na halpacaí a lódáil isteach sa leantóir?

D'éirigh mé go luath ar maidin agus ní raibh mé ábalta na halpacaí a sheoladh isteach sa leantóir ar chor ar bith. Faoi dheireadh, d'iarraidh mé comharsa mé a chuidiú. Tar éis cúpla bomaite, dúirt sé go mb'fhéidir go gcuirfidh mé an adhastar orthu. Rinne mé é, agus ní raibh sé ró-dheacair iad a threorú isteach sa leantóir. Bhí mé an-mhall ag an am sin, agus ní raibh an t-am agam na triúir go léir a lódáil. Dá bhrí sin, níor thug mé ach péire acu, an péire a bhí an lomra is faide acu: Taipéis agus Cloyd. Agus ansin, thiomáin mé go Condae Uibh Fháilí.

Bhí iontach bród orm mar bhí mo chuid alpacaí iontach dea-bhéasach, iontach ceansa. Bhí áthas ar an lomthóir, fear as an Astráil. Ní raibh aon trioblóid aige.

Fág mé Taipéis, an banalpaca, ansin le pórú. Roghnaigh mé graí dhubh dhathúil dí. Tháinig mise agus Cloyd abhaile. Bhí áthas air Uachtar Cloyd a fheiceáil, gan dabht.

Seo pictiúir Uachtar (ar chlé, gan lomadh) agus Cloyd (ar dheis, lomthe).




leantóir = trailer
ar iasacht = on loan
lódáil = loading
seoladh = driving, herding
lomra = fleece
dea-bhéasach = well-mannered
ceansa = tame
bomaite = noiméad = minute

I'm still learning; don't model your Irish on mine.

No comments: