27 April 2005

reiligiúin

Ceapaim féin go bhfuil gach reiligiúin mar aistriúchán na firinne... an fhirinne nach bhfuil inráite go díreach ar aon teanga.

26 April 2005

cuaille geata

Lá álainn a bhí ann inniú. Rómhair mé poll sa talamh ar son cuaille geata. Bím ag tógáil mainnear de na halpacaí. Tá sé níos éasca leigheas a thabhairt dóibh, agus rudaí eile a dhéanamh, nuair atá siad in spás níos lú.

rómhair = dig
cuaille geata = gate-post
mainnear = pen, small enclosure
leigheas = medicine

25 April 2005

Wombat's Words o' Wisdom

Labhair Gaeilge go gortaíonn sé!

Nuair a bheas wombait eisreachta, ní bheith wombait ach ag eisreachtaithe.

Ní uimhir mé! Is wombat saor mé!

Aithníonn wombat wombat eile.

17 April 2005

Imeartas focal

What does a Connemara farmer call his combine harvester?
A Shéamaisín

Imeartas focal = pun

12 April 2005

brionglóid

Bhí brionglóid aisteach aréir. Sa bhrionglóid, bhí mé ag obair ar an chluiche eachtra atá mé ag forbairt, agus tháinig smaoineamh domh: déanfaidh athrú simplí grafaic an cluiche i bhfad níos fearr. Nuair a dhúisigh mé, bhí a fhios agam go mbeidh an smaoineamh éasca agus glice. Rinne mé an t-athrú inniu, agus tá mé iontach sásta leis na toraidh.

10 April 2005

ESB (Electricity Sometimes Board)

Sa cheantar seo, lasann ESB (an soláthraí leictreachais) an leictreachas thart fa sé huaire i mbliana, ar feadh ocht n-uaire gach am. Fograíonn siad na héarthaí seirbhíse ar tosach, ach ní thig liom cúl a choinneáil ar an smaoineamh go bhfuil muid drochúsáidte, mar níl má ábalta bheith ag obair i rith an t-am sin. Ní cheap mé go thigfidh leo éarthaí seirbhíse mar sin i mBaile Átha Cliath!

Ach chuaigh siad thar fíor inniu! Thósaigh Dougal glamach, agus chaith mé súil fríd an fhuinneog an "backhoe" a fháil amach, ag tiomáint ar mo pháirc. Bhris meáchan an backhoe na clocha "paving" a chuir mé sna áit níos salaí, agus bhris sé cuid den choincréit ag coinneáil an gatepost. Ghlaigh mé ar an tiománaí, agus d'iarr mé go múinte cad a dhéanann siad.

"We're replacing the utility pole," ar seiseann.

"If you had notified me in advance that you were coming onto my land, I could have moved these pavers so they wouldn't have been crushed. And I would ensure that my animals were in another field. fortunately for you, I moved them yesterday, but that was pure coincidence."

D'fhéach sé ar an pavers briste. "Oh, sorry, I thought this was all wilderness."

Fásach? Fásach?!! Cén sórt fásach an bhfuil bóitheach suite air? Cén sórt fásach an stráice fáda agus caol é, ag rith go dtí an fhairrge? Cén sórt fásach an bhfuil raca féir tirim air? Cén sórt fásach an bhfuil fál thart? An bhfuil an féar ite faoi orlach don talamh i bhfásach? An bhfuil cuma manicured golf course air?

Tháinig maor na hoibre, agus d'iarr mé go múinte an thugfeadh siad fogra orm ar tosach an t-am seo chugainn go togann siad áiseanna ar mo chuid talamh, agus bheadh mé ábalta bheith cinnte go mbeadh mo chuid ainmhithe ar an pháirc eile, agus bheadh an treo glánta.

"Sorry, ESB are supposed to get permission in advance for us to come onto your land. All I can do is apologise, but if it's any consolation, we shouldn't have to come back again."

Nuair a imigh mé, dúirt sé "lovely old dog, that". Léirigh mé nach bhfuil Dougal sean i ndáiríre, ach bhí máchail air. D'inis mé scéal Dougal air.

Chomh deas an fear sin. Iontach cliste freisin, ag aithint madadh speisialta nuair a fheiceann sé ceann.

08 April 2005

Ag seoladh na n-alpacaí

Bhí orm na halpacaí a sheoladh go dtí an pháirc íochtarach. Thug mé ceacht eile leis an adhastar do mo chuid alpacaí, agus tar éis an ranga, cheap mé go raibh siad réidh siúil taobh amuigh den pháirc ar iall. Tháinig mo chomharsana mé a chuidiú, agus bhí siad dichreidmheach. (Roimhe sin, sheolaimis na halpacaí sa chaoi chéanna mar chaoirigh nó beithígh.) Ach ní raibh sé deacair ar bith. Chuaigh mé ar tosach leis an mhaitriarc, agus lean na daoine eile leis na alpacaí eile. (Bhí mé ag úsáid siceolaíocht alpaca!) Bhí sé éasca go leor, agus fuair cúpla turaseoir grianghraif mhaith.

Lá eile in Iardheisceart Dhún na nGall.


ceacht = lesson
adhastar = halter
seoladh = herding
ar iall = on a lead/leash
dichreidmheach = sceptical (skeptical)
-aimis = verb ending for past habitual "we used to..."
maitriarc = matriarch
ar tosach = in the lead
siceolaíocht = psychology

07 April 2005

Spá na nAlpacaí

Thug mé vacsaíniúithe do mo chuid alpacaí, agus ghearr mé a n-ingne coise. Bhí mé ábalta é a dhéanamh i m'aonar mar tá siad compordach leis an adhastar. (Níl cruibeanna ag alpacaí.) Agus ansin, nigh mé mo mhadadh. Tá tuirse orm anois.

vacsaíniú = vaccination
ionga coise = toe-nail
crub = hoof

05 April 2005

focal nua

Inniu, bhí mé ag caint le mo mhadadh (as Gaeilge, cinnte) agus duirt mé "maith dogadh". Is docha go raibh mé ag smaoineamh faoi "dog" agus "madadh" ag an am céanna.

Chuaigh muid go dtí an co-op "nummies" alpaca a cheannach. Agus ansin chuig siopa earraí do "crowbar". Tá "Mr. Pointy", mo crowbar eile, ar strae sa pháirc in áit éigin, agus is gá liom fál eile a thógáil.

02 April 2005

Alien Abductions

Stad na fuadaigh anois! Déan hata as tinfoil:
http://www.stopabductions.com/

30 March 2005

an leibhéal ceart

Cheapaim go bhfuil an rang ag an leibhéal ceart domhsa. Níl focal Béarla ar bith ann. Nuair nach dtuigimid focal, ní leirigh an muinteoir an focal seachas fríd an Ghaeilge. Agus muiníonn sí gramadach fríd an teanga freisin.

29 March 2005

Lá iontach eile!

Lá iontach eile! Maidin inniu, bhí muid ag stáideir an tuisil ginideach agus na díochlaontaí. Tar éis an am lón, bhí diospoireach again faoina buntaiste agus na míbhuntaiste ar an cosc tobac sa phub.

Tá mé an-ghnóthach an seachtain seo. Bím ag obair tar éis an rang gach oiche, ag deanamh reidh tairiscint.

Fuair mé píosa beag Alice in Wonderland as Gaeilge ar an idirlín. Níl an teanga rodheacair. Bain sult as:

http://www.evertype.com/gram/scathan.html

diospoireach = discussion, debate
buntaiste = advantage
míbhuntaiste = (can you guess?)
tuisil ginideach = genitive case
díochlaontaí = [noun] declensions
tairiscint = proposal

28 March 2005

sceitimíní

Tá sceitimíní orm! Inniú, bhí roinnt m'aigne ag labhairt Gaeilge leis na daoine eile, agus cheap an roint "Cé hí an daoine atá ag caint chomh tapaí sin gan stad? Ohhhh... is mise!" Bhí sé dochreidte... bhí mé ag caint Gaeilge beagnach chomh easca mar atá mé ábalta caint i mBearla.

27 March 2005

Leibhéal 4 nó 5?

Tá mé ag freastail rang ag Oideas Gael an seachtain seo. Seo an séú ham domh. Bhí ceithre leibhéal inniú, agus chuaigh mé go leibhéal a ceathair. Bhí an leibhéal go díreach ceart domhsa; ní raibh sé ró-éasca nó ródheacair. Ach bhí an iomarca daoine ann, agus mar sin scaradh an rang, dhá rang a dhéanamh. Níl mé cinnte gur fearr liom fanacht i leibhéal a ceathair nó dúl go leibhéal a cúíg. B'fheidir go mbainfidh mé triall as an leibhéal is airde.

seisiún

Chuaigh mé chuig seisiún cheoil anocht. Níor chleacht mé an fidil le sé mhí anuas, agus bhí súil agam go mbeadh mo sheinm uafasach ar fad. Ach bhain mé an sult as an seisiún, agus ní raibh mo sheinm rodhona.

17 March 2005

Wombat Penwan

Conas a deirtear "Muddle-headed wombat" as Breatnais? Seo é: Wombat Penwan

09 March 2005

Litir Deas

Fuair mé litir iontach deas inniu, ó mhac léinn áitiúil atá ag úsáid Seans Eile. Thug mé dluthdhioscaí le Seans Eile dá rang, agus dúirt sé gur rinne sé sochar mór dí. Tá sceitimíní orm! B'fhéidir go gcuirfidh mé an litir i bhfráma.

16 February 2005

Cluasa Bhándearg Abhaile

Thug mé Cluasa Bhándearg ag an tréidlia inné. Choill siad é ar an maidin, agus tá sé abhaile anois. Bhí uaigneas ar Dougal gan a phiscín. Chuir mé Cluasa sa seomra eile, agus druid mé an doras -- níl Dougal sásta leis sin. Ach ba mhaith liom Cluasa a scíth a ligean ar feadh tamall beag eile. Chuir mé cóir ar Dougal, a intinn a tarraingt ó Chluasa.

tréidlia = vet
coill = castrate
cuir cóir ar = groom

14 February 2005

Bristí Cearnógach

Ollamh a pháistí?
"Aye, Aye chaptaen."
Níos airde fiú!
"AYE AYE CHAPTAEN!"

Cé chónaíonn in anann i mbun an aigéin - Spongebob Squarepants
É súiteach is buí is póiriúil ann féin - Spongebob Square Pants
Más amaidíocht mara atá uait i do chroí - Spongebob Square Pants
Suas ar an deic agus téimís ag Spraoi - Spongebob Squarepants

muinín

Nuair a thosaigh mé mo ghnó féin, bliain is leath ó shin, ní raibh mórán muinín agam ann. Ach anois, tá gach rud difriúil. Bím ag caint i gcónaí le daoine atá ag foghlaim Gaeilge, agus ba bhreá leo aon saghas bog earraí.

Tá an rang áitiúil ag úsáid mo chlár Seans Eile le cleachtadh ar son na hardteistiméireachta. D'úsáid siad an clár anuraidh, agus arís an bhliain seo. Tá bród orm as.

Tá pleananna go leor agam faoi bog earraí eile. Caithfidh mé an cluiche eachtra a chríochnú roimhe sin.